Studia Hibernica

Saunders Lewis agus an tionchar a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain agus ar ghluaiseacht na Gaeilge sna 1960idí

Studia Hibernica (2021), 47, (1), 107–136.

Abstract

De réir Mháirtín Uí Chadhain, ba é Saunders Lewis an fear liteartha ba mhó cáil sa Bhreatain Bheag sna 1960idí agus ba é an t-údar ba mhó tábhacht ar fad é a bhí ag saothrú a phinn in aon cheann de na teangacha Ceilteacha ag an am. Tá cáil Lewis imithe i bhfad agus i ngearr mar gheall ar an léacht cháiliúil raidió a thug sé uaidh, agus a craoladh ar an BBC, i mí Feabhra 1962. Tynged yr Iaith (Cinniúint na Teanga) ba theideal don léacht iomráiteach sin inar leag sé amach a ghéire is a bhí éigeandáil na teanga sa Bhreatain Bheag ag an am. Chun fuascailt a fháil ar an scéal, mhol sé modhanna úra agóidíochta agus léirsithe chun tathant ar na húdaráis stádas oifigiúil na Breatnaise a threisiú sa saol poiblí. Bhí briathra Lewis ina ndíol spéise do ghluaiseacht na Gaeilge in Éirinn na linne sin, a bhuíochas sin don aistriúchán Gaeilge Bás nó Beatha? a rinne Máirtín Ó Cadhain, agus a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill, in 1963. San aiste seo, déanfar anailís ar aistriúchán sin Uí Chadhain féachaint cén rian a d’fhág teachtaireacht Lewis ar mhodhanna agóidíochta ghluaiseacht na Gaeilge in Éirinn sna 1960idí. Áiteofar gur athraigh Bás nó Beatha? treo agus cur chuige ghníomhaíochas na Gaeilge in Éirinn trí smaointeoireacht Saunders Lewis a chur ar a shúile do chomhluadar ní ba leithne daoine. Breathnófar, go háirithe, ar cén tionchar a bhí ag modhanna léirsithe na Breataine Bige, agus an easumhlaíocht shibhialta go háirithe, ar an eagraíocht Misneach, ar Chonradh na Gaeilge agus ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Chuige sin, bainfear gaisneas as an dá shaothar le Saunders Lewis a d’aistrigh Ó Cadhain; ba iad sin ‘Aon Teanga don Bhreatain Bheag’, a foilsíodh ar an iris Comhar in 1955, chomh maith le Bás nó Beatha? (1963). Ina theannta sin, cuirfear sampla de scríbhinní polaitiúla Uí Chadhain féin sa mheá, ‘Do na Fíréin’ (1962) agus Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae (1970), gan trácht ar an dá dhíolaim aistí Caithfear Éisteacht! (1999) agus Ó Cadhain i bhFeasta (1990).

Access Token
£25.00
READ THIS ARTICLE
If you have private access to this content, please log in with your username and password here
If you have private access to this content, please log in with your username and password here

Details

Author details

ROWLAND, HUGH